Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le Eóinín chuir sé a lámh i n-a phóca agus tharrain
sé amach an fháinne agus d’fhiara sé dhothe a’ n-
aithneóch sí é sin. Nuair a hainic sí an
fáinne chuir sí a’ dhá láimh thimpull air agus thosa
sí dhá phóga.
"A’ gaisgíoch is fearr faoin domhan!" adeir sí, "tusa
m’fhear agus ní h-é mac rí na Gearamáinte é. Is tú
dhin a’ ghaisg," adeir sí.
Rug sí ar láimh air agus thug sí suas ag a h-
athair é agus d’innsigh sí dho gur b’in é an fear
a shábháil í.
Cuiriú isteach i seomra é agus gléasav suas é.
Agus nuair a bhí sé gléasta gho sé anuas ag na
buitiléaraí agus ag ná cócairí agus dúirt sé leothav a
ndóthaint a thóirt le n-ithe agus le n-ól dho na
daoine bochta - gan bacachtáil leis na daoine
saidhbhir. Gho sé thimpull agus hainic sé beirt mhac
le n-a leasmháthair ann, agus chraith sé lámh leothav
agus dúirt sé leothav gan a dhoil abhaile níos mó -
go mbeach siad ’n-a chléireachaí aige.
Pósú é héin is iníon a’ rí lárnamháireach, agus
thug a’ rí suas an ileán agus an Chúirt agus chuile shórt(leanann ar an chéad leathanach eile)