gamhnach(1). B‘éiginn do na créatúir an ghamhnach a chur ’un Aonaigh agus a díol.
Ar an bhealach a’ ghabhail soir an ailt do casadh fear air: "A Gol an Geimhridh an bhfuil tú a’ díol na gamhnaigh." "Tá."
"Bhéirfidh mise fiche cearc is coileach duit uirthí."
"Margadh é," arsa Gol an Gheimhridh.
D’imthigh sé leis le na fhicid cearc agus coileach. Níorbh fhada gur casadh fear eile do.
" 'Ghol an Gheimhridh ar dhíol tú an ghamhnach?" "Dhíol."
"Cá mhéad a fuair tú uirthí?"
"Fuair mé fiche cearc is coileach uirthí."
"Bhéirfidh mise fiche lach is bárdal duit ar na fiche cearc is coileach."
"Margadh é," arsa Gol an Gheimhridh.
Shiubhail leis agus níorbh’ fhada gur casadh fear éile do.
" 'Ghol a’ Gheimhridh ar dhíol tú an ghamhnach?"
"Dhíol."
"Cá mhéad a fuair tú uirthí?"
(1) bó a bhéadh cupla mí beartha.