Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)19
a bhí aige i bhfad go dtí go rabh deireadh
caithte, agus b’éiginn do a ghabhail a
iarraidh a chudach. Tháinig sé go dtí
dorus toigh mhóir agus bhuail sé ag an
dorus, tháinig an cailín amach agus
d’fhiafruigh sí goide a bhí a dhíóghbhail air.
Dubhairt sé gur greim bidh.
"Bhoil fan go bhfeicfidh mé an maighistir."
ar sise.
Chuaidh sí suas
níorbh’ fhada go
dtáinig an maighistir amach a d’amharc air.
"’s mór an náire do do macasamhail
dhe dh’fhear a bheith ag iarraidh a chudach
gan oibriughadh ar a shoin."
o
"d’oibreochain dá bhfuighinn obair."
"bhail bhéirfidh mise obair duit agus
chead agat a ghabhail a d’obair agus
bhéirfidh mé do chuid duit, agus leabaidh
lé luighe uirthí."
Thug sé isteach é agus thug sé a
dhínnear do. Thug sé amach é agus
d’iarr sé air sluasaid a bhí thall
ag taoibh an toighe a thabhairt leis agus(leanann ar an chéad leathanach eile)