Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leigfeadh an uchtach do labhairt léithe féin ach labhair sé lé na mathair. Dubhairt a’ mhathair go rabh sin ceart go leór ar ndóighe gurab é Dia a chuirfeadh
sagart óg aicí lé pósadh. H-innseadh do'n cailín é. Ó dubhairt sise nach
mbéadh dhath ar bith do sin. "Coisríocadh Dé ar an t-sagart bhocht," adeir sí, "ní bhéidh a dhath do sin".
Aon oidhche amhain nuair a bhí an cailín thuas 'na luighe 'sa t-seomhra d’iarr an mhathair ar an t-sagart a ghabhail suas agus í a choinneail do féin a choidhche. Chuaidh an sagart suas. Thug an cailín bocht léim 'na
seasamh.
"Leig amach mé," arsa sise, "tá guaithe amach agam".
"Cá leigim," ar seisean, "coinneochaidh mé a choidhche domh féin tú agus dhéanfaidh
mé bean duit".
"Ó gheall ar Dhia is leig amach mé," deir sí. "Seo dhuit ceann mo chriosa(leanann ar an chéad leathanach eile)