(ar lean ón leathanach roimhe)
easbog," ar sisean, "ní raibh sé ceart agat í sin a thúbhairt leat," ar sisean, "ar do chúlaibh," ar sisean.
D’imi’ sé agus chuai’ sé dtí ’n easbog.
"Ó," arsan t-easbog," ar sisean, "níl ao’ ní agam-sa lé déunamh duit," ar sisean, "ach téire," ar sisean "go dtí’n bPápa," ar sisean.
D’imi’ sé agus chuai’ sé do dtí ’n bPápa agus do nis sé a chúrsa dho’n bPápa. Do rug a’ Pápa ar an eochuir gluis, eochuir mhór ghluis agus do sgríg sé ainim a’ tsagairt air.
"Téunam ort anois," arsan Pápa, ar sisean.
D’imíodar agus do chuadar ar bhruach na farraige ar bharra na bhfaille. Tháinig a’ Pápa agus do chaith sé faid ruchair [urchair]
amach insa bhfarraige an eochuir.
" 'Nois," ar sisean, "ní bhfaghair dul a’ sagartóireacht" ar seisean
"nú do bhfaghair an eochuir sin."
"Bhfaghai’ mé," ar sisean, "cead Aifrinn a ra," ar sisean "nach aon Domhnach?".
"Geóir," ar sisean, "Geóir," ar sisean, "cead Aifrinn a rá
nach aon Domhnach agus
caithfir," ar sisean, "bheith a’ siúbhal rút," arsan Papa", ar sisean, "ar nùs aon
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.