Imleabhar: CBÉ 0376
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0090](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0090.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0090
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí fear thiar i bhFán(1) agus má bhí do b’é sin an fear glic. Ombasa féin do bhí sé pósta
ann agus tig agus beagán cúirim air agus do bhí ’n fear cómh glic sin n’fheadair sé gud é’n
áit ba cheart do bheith chuig a bheith síos agus suas lé daoíne móra. An té ná beach indiu aige do bheach sé amáireach aige
agus níor stad sé riamh ná choídhche nú go dtí go chuai’ sé ceangailte i dTiarna
Fionn Trá’ agus chuai’ sé ’n-a sheirbhíseach ann. Bhí sé ansan ar feag áirithe aimsire agus ní raibh éinne i mbun ná mbárr a chúirim ba mhú ná Séumas agus do bhí capall aige agus do bhí sé ar a’ gcapall a bfeárr a bhí ar a bhfeirim agus bhíoch
a’ tiarna goch h-aon lá ag imeacht mór-tímcheall a’ féuchaint ar a’ gcapall agus
mórtas a’ domhain aige as agus Séumas a’ túbhairt aire na fola dho. Ambasa do dh’arduig Séumas ceann dos na maideanacha
(1)baile i bPar. Fionn Trágha. (baile an bhóthair)(leanann ar an chéad leathanach eile)