Imleabhar: CBÉ 0376
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0340](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0340.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0340
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach é maidean chuin na ba a thúbhairt abhaile. Bhí ’n
bhó dhonn ag ithe as toir go raibh deatach amach
as agus bhí sí a’ géimirig. Tháini’ sé bhaile a’ ruth [rith] agus dubhairt sé lé na mháistir go raibh sí sin ag ithe as thor go raibh deatach as agus go
raibh sí a’ géimrig. Dubhairt an máistir leis árus a bhreith leis agus an bhó do chrú. "Agus ná doirt aon bhraon do".
D’imi' sé agus do chrúig sé ’n bhó agus ní chuaidh
bainne na bó ar fad insa n-árus a bhí ’ge. D’ól sé chuid do’n bhainne chuin a’ bhó do ghlan-
chrú agus tháini’ sé bhaile agus d’fhiafruig an máistir
do ur dhoirt sé aon phioc do’n bhainne. Dubhairt sé leis ná dhin ach gur ól sé chuid do ná raghach bainne na bó ar fad insa n-árus.
"Ó," arsan máistir leis, "ná laitimís fhéin a chéile," ar sisean, "ól é go léir anois". agus is sin é, as bhainne na bó do fuair sé an
fios.
Do bhíoch na sagairt a’ ruagairt ar Mhuiris ar a' sli bhíoc sé a’ cainnt agus á rá ná raibh aon cheart aige a bheith a’ cainnt. Do bhí sé dul lá go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)