Nú ar rásaibh capall ar bharra na duíthi,
Cé go bhfuarthach marbh tú I mbaile cois taoíde.
Ba bhreágh é do sheasamh ar maidean dé Domhnaig,
A’ léigheamh an Aifirinn nú i bpobal do labhartha,
Na céadtha bruinneal a bhí a’ fitheamh chuin labhairt leat
'Sí ’n Mhaighdean bheannuithe thógais mar rogha 'ca.
Bhreágh é do chleachta tairibh?? sa n-oídhche,
Na naoímh, na h-aingil na h-aspuil it’ timcheall,
Ár dTiarna Naofa is é léigheamh ar do ghníortha,
"Is an Mhaighdean bheannuithe tarrac na dí dhuit.
Tá bean ti’ ’n tsagairt go h-atuirseach céasta,
Is tá do mhná diagaithe go diacharach id’ dhéig-se,
Gheó’ sé súd sagairt a mhathfaig a mbréithre,
Ach ní bhfaghaig t-athair do mhalairt in aochor.
Bhí bean tí’ ’n tsagairt go ceanasach séimh leat
Is bhí-sé i d’pheata 'cí mar bheach leanbh ag ao’
mhnaoí,
Bíoch do bhruicfeast tairricithe 'ci ar maidin go