Imleabhar: CBÉ 0376
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0610](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0610.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0610
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ubh insa ball amhar é dhéunfach sé charn glóthuí dho. Ní raibh aon dul aige ar aon lámh
a dhéunamh aon tslí eile dho agus ’s ann a bhí na h-aon léim age Má Cliogóid is é thímcheall air is é straca ’n éudaig do
agus é a’ rith tímcheall air sa rith tímcheall air is é sin a’ túbhairt féi agus bhí Má Cliogóid lán
do gheárrthuiocha aige ach má bhí féin bhíoch sé á stola, an éudaig do riamh agus choídhche go bhfuair sé an t-éudach ar fad stoltha dho agus chonnaic sé an ball amhar fé bhun a chínn dis
"Mara mbuailfir cruínn é," arsan bean leis, "ní dhéunfair a’ bheart. Mara mbuailfir insa bhall amhair i gceart é," ar sisean.
Thug sé fé bhuail sé sa bhall amhair é agus dhin sé charn glóthuí dho. D’imi’ sé ansan
is chuai’ sé ’steach go dtí ’n mbean, dtí’n cúirt agus bhíodar go saor sáthach ach ní bheach sé sásta gan í thúbhairt abhaile
leis is thug sé bhaile leis í go dtí ’n áit go raibh a’ braimithín giobalach is mhaireadar go saghar sáthach ó shoin. Is sin é(leanann ar an chéad leathanach eile)