(ar lean ón leathanach roimhe)
mo dhóthain cúirim orm é thógaint, bhí sé cómh ramhar, cómh téugartha san agus shíneas suas chuige é agus rug sé air agus dhin sé dhá leath dho.
"Ó mo graidhin go deó thú sibh". ar sisean, "is mór mar chuadhmhair i luigeacht. Tá do ghéuga," ar seisean, 'fair'-áltha
agus níleann" ar sisean, "cómh maith is a bhí na daoíne fadó agus tá’s agam-sa," ar sisean, "cad a thug anois tú. Tá slapars cranuíocha," ar sisean "ar dtaobh ’mu’ ’o dorus is má thá aon téud agat," ar seisean, "líon suas do bheart aca".
Thairrig sé chuige téud agus chuai’ sé dtaobh 'mu’ 'o dhorus agus lion sé suas a bheart
cómh maith agus d’fhéud sé agus do chuir sé dho fé mar bhíoch sé chuir do:
"Bhíoch a’ tráig a’ líona im’ dheabhaig dtí go dtána go dtí barra-taoíde thiar anaice leis
a’ dtig agus an taoíde a’ líona lé m’ sháil agus bhíos cómh tuirseach san nár dhineas ach a’
beart a chaitheamh amu’ age bínn a’ tí’ agus chuadhas isteach", ar sisean, "agus shíneas insa leabaig. Go
deimin ní mór a’ chodla thuit orm. Nuair a dh’éiríos ar maidin," ar sisean, "chuin teacht anso
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.