Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é" adéir an Ridire. Thairing mac a Rí naipicín as a phóca agus chrait sé é, Tháinic an fear mór amuigh ar agaidh agus d'fhiafhruigh sé dhe ceard a bhí uaidh "Ná fág cleit na sgólb ós cionn na cúirte seo". Ní túisge a bhí ráidte ná déanta. Rith an ridire le faitchíos. Leag sé a shlat ar an uisge agus rinne sé bóthar dó fhéin amach as an oileán. Bhrís sé an bóthar na dhiaidh. Lean mac a Rí é agus leag sé a slat h-féin ar an uisge agus rinne sé bóthar dó h-féin, lean sé gon Ridire agus bain an Ridire an teach amach.
Tháinic mac Rí i nÉirinn istheach na dhiaidh. Bá geárr an maoill a rinne Mac Rí i nÉirinn sa teac núair a siubhail sé amac aríst. Cáil tu goil a Mhic Rí i nÉirinn" adeir an Ridire "Tá mé goil abhaile" adeir Mac a Rí. "Foill Fóill" adeir an Ridire "thug mise lá maith eile conghta dhuit h-fhéin i nÉirinn." "Más dhá mhuigheachtáil orm atá tú, tiubradh mé an lá amáireach go(leanann ar an chéad leathanach eile)