Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0042

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gon tada a dheanamh no go dtagann go dtí thú, Gabh anúas agus ith do bhéillí".
    "Ní íasadh mé aon greim a coidhcheann is ghadhardhaich go mbéidh an cloigeann bainte ag t-athair díomh" "Gabh anúas agus ith dó béillí" adeir sí "agus ná bí ag bainnt cainnt asam." Tháinic sé anúas agus dith sé a a [!] bhéillí. Thairing sí píce béag amach as a póca agus chaith sí rúinne beag go aoileach amach leis, shuidhe sí síos agus sgair sí amach a n'aprún, thosaigh an t-aoileach a dhul amac uaidh h-fhéin, agus ba geárr go raibh an stabla glanta. Tháinic an t-snáthadh isteach go léim i na n'aprún.
    "Seo anois" adeir sí", coinnigh greim maith uirthi seo nó go dtugadh tú go m'athair í."
    Cúaid sí abhaile agus ba geárr abhí sí imthigh nó go dtáinic an Ridire go dtí mac a Rí, agus d'fiafruigh sé dhó a bhfúair sé an t-snáthad. Dubhairt sé leis go bhfúair. "Agus" adeir sé "mara raibh gnotha ar bith ad dhíom ach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir