Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a amadán" adeir sí "nar dhúbhairt mé leat gon bacadh leis an nead no go dtagann go dtí thú. Gabh anúas agus ith do bhéillí." "Ní iosadh mé aon ghreim coidceann" adeir sé "Is a ghadhardhaic go mbéidh an ceánn bainte ag t'athair díom" "Gabh anuas" adeir sí "agus ith do bhéillí agus ná bí ag bainnt cainnte asam".
Tháinic sé anuas agus shuidhe sé síos ag ithe bhéile. Sgar an bean óg amac a n'aprún agus tháinic an nead go léim i na n'aprún. "Seo anois duit an nead" adeir sí "agus coinigh greim maith ortha no go dtugad tú go m'athair í. D'imthigh sí abaile agus d'fhan Mac a Rí nó go dtháinic an Ridire. "A bhfuil an nead ad" adeir sé "Tá" adeir mac a Rí "seo duit í."
Chúaidh siad ag an teach. "Ní fhéadad tú a ghoil abhaile anocht" adeir an Ridire. Nuair a dith mac an Rí a suipéar chúaidh sé a codlad. Tháinic an bhean óg isteach sa seómra go dtí é.(leanann ar an chéad leathanach eile)