Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé bean le do ghúalainn agus abrócaidh tú leis go bfhuil trian dá ingean gnóta ad. Déirid sé leat go bhfuil agus "nár eirigh sí leat" agus abair thusa leis "nár eirig do chuid h-fhéin leat-sa díob". Tiubhrad sé siar sa seómra aríst muid agus déanad sé dá cheánn déag go chearca francach dhíon. Caitheadh sé glac cruithneacht air an mbord againn agus déiridh sé leat do bhúille a bualadh. Abair leis go mbéidh tú luatha go leór" gur deas an caithe aimsire a bheith ag breathnú orthab". Déirid sé leat aríst do bhuille a bhúaladh Abair go mbéid tú luatha go leór. An tríomhadh h-úair a déiris sé leat é béidh mise a goil thar an áit a mbéidh tú do sheasad, agus feicid tú an cleite súntasach a bhéas i mo sgiathán deas agus buaillidh tú buille gon t-slat orm agus deanad mé bean le do ghúallain agus déiridh tú leis go bhfuil dhá thrian dhá inghean gnótha ad, agus déiridh sé leath "Tá agus nár eirigh sí leath" Abair thusa leis "nár eirigh do chuid h-féin leat-sa díob".(leanann ar an chéad leathanach eile)