Sgéal an Táilliúra
Bhí fear óg ánn fado agus bhí sé mór le cailín óg. Bhí achar fada aige le dul, ag breathnú ar an gcailín óg, agus bhí abhann idir a theach seasean agus teach an cáilín. Bhí teach táilliúra le h-ais na h-aibhne. Nuair a bhíod an fear óg ag tígheacht a breathnú ar an mbhean óg, chaithead sé an abann go léim. Bhí tarracht mhór ag muinntear an chailín óg ar an bfear seo. Núair a bhíod sé ag tígheacht abhaile ó theac an cailín, ní bhíodh sé i ndon an abhann a caithe go léim, chaithead sé a dhul timpeall, go bfhághach sé áit nac mbeadh an-domhain.
Chaith sé suim-aimsire dhá dheanamh sí, agus bhíod an táilliúr ag faire air. Lá amháin d'fhiafhruigh an táilliúr dhó, "Cén t-ughdar" adeir sé "nuair a bhíos tú ag teacht go gcaitheann tú an abhann go léim agus núair a bhíos tú a teacht abhaile go gcaitheann tú a dhul timpeall