Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0101

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seárd a bhí ann ná teac phobaill agus bhí sagart thuas ar an altóir ag leigheamh Aifreann.
    Bhí an stóicín i ndán an tAifreann a fhriothail agus dfhriothail sé do'n tsagart é.
    Nuair a bhí an tAifrinn léighte dubhairt an stóicín leis an sagart (níorb é an sagart a léigh an tAifrinn i naon chorr) go mba cheart dhó é fhágail sa teach phobaill go ceann lá agus bliadhain agus teacht arís ina choinnigh. Bhí an eochair ag an stóicín agus chaith sé amac sa loch é. Nuair a bhí sé sin déanta bhuail an sagart abhaile.
    Nuair a bhí an lá agus bliadhain shuas tháinic an sagart agus dfiarr sé loistín ar an maor ceadhna.
    Nuair a bhí sé tamall istigh dubhairt an sagart leis an maor dul amac ar an loc agus breac a mharbhughadh. Amac leis an maor agus mharbhuigh sé an breac. Thug sé abhaile é agus nuair a dfosgail sé é fuair sé an eochair istigh i mbolg an bhric. Chuir an sagart an eochair ina phóca. Lár na bhárach deirígh an maor agus chonnaic sé an teach taobh thall den loc nach bfaca sé le blian cheana. Dinnis sé don sagart é. Ná bac leis ars an sagart ach cur anonn mé.
    Nuair a bhí an sagart ar an taobh thall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    18 Deireadh Fómhair 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir