Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0102](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0102.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0102
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dfosgail sé an doras agus chonnaic sé an stóicín istigh agus é ina fhear bhréagh.
Anois ars an stóicín leis an sagart beidh easpog le cur isteach ina leitheid seo go áit, agus an sagart is mó a lásfhaidh coinnlín gurb é a bhéas ina easpog.
Lásfhaidh cuid aca oiread le na chéile agus cuid aca nac lasfhaidh, ach nuair a thiocfas an colum geal isteach san áit a bhéas an cruinnughadh luighfidh sí ar ghuailinn shagart.
Cebé cen sagart a luighfidh sé air easpog a dhéanamh de sin.
Nuair a tháinic an lá mór bhí na sagairt ar fad bailighthe le céile ag lasadh coinnlí. agus bhí an stóicín i measg na sagairt. Ní raibh fhios aca cerbhé an teaspog nó go dtáinic an colum geal isteach. Bhí an colum geal ag eiteall tart ós cionn na sagairt agus í ag breathnughadh go géar ortha. Faoi deireadh dísligh sí agus luigh sí ar ghuailinn an stóicín.
Rinneadh easpog annsin dé, agus deirtear nuair a cailleadh é gur thug an colum gheal chun na bflaithis é mar aingeal a bhí innte, agus gur naomh a bhí san easpog.