(ar lean ón leathanach roimhe)
an beirt mic i seomra eile.
An cailín a raibh an fionnadh uirthe, bhí roinnt draoidheachta ag baint lei, mar bhí sí inán luch a dhéanamh dhí féin, agus bhíodh sí ina luch san oidhche agus ina bean sa ló. Amach i lár na hoidhche dubhairt an beirt driothar leo féin go rachaidís isteach i seomra na gcailíní. Isteach leo, acht nuair a bhíodar ag an doras bhí an glas air. Bhí an eochair ag duine de'na driothar, agus dfosgail siad é.
Chuaidh siad isteach sa seomra annsin, acht nuair a dáirigh an cailín a raibh an fionnadh uirthe iad rinne sí luch dhí féin agus thósuigh sí ag rith thart ortha, agus sa deireadh beagán dóibh imtheacht tháinic an maidin faoi dheireadh thiar thall, agus chuaidh an triúr cailín ag obair, gach duine aca ag déanamh a chuid oibre féin. Thug cailín na fionnaigh na ba isteac sa stábla ag bhlith ann iad, agus bhí an bheirt eile ag rupadh is ag mucaireacht thart ar fud an tighe.
Ar chuma ar bith, faoi cheann seachtmaime dfiarr an righ ar na mna deasa i bpósadh siad a chlann mac, dubhairt siad go bpósadh mo léan, agus do pósadh iad agus bhíodar an saidhbhir
Nuair a chuala an cailín eile é seo bhain sí an fionnadh dhí féin agus cheannuigh
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.