Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0141](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0141.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0141
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An SagartínBa deas é an sagartín a stór mo chroidhe,
Ní deise ná an phobail a dtéighinn sé tríd.
Tá séal ó Mhuire air agus brannda ó Chríost,
Agus tá sé tarrainghte as na coláistí.Éist a bhidóigín is ná gabhail déor,
Ní duit a rugadh mé ná do aon bhean beo.
Ach baisteóchaidh mé do leanbh dhuit le conghnam Críost
Is dá mbéarfinn ar m'aithméal gur leat mé féin,Muise níl mo ghrádh sa dubh na buidhe.
Bfhiu é cheannacht le ór buidhe an ríogh.
Tá con-caol cáillte aige agus mearaibh mian
Is gur binne a ghlóirín, ná na ceóltaibh sidhe.Tá an oidhche anocht dorca agus beidh go ló.
Mo chead ghrádh dimthighe uaim is ní fheadaim fhághail
Shiubhal mé sléibhte agus cnuic a bhí árd
Agus tuairisg mo chead grádh ní fheadaim fhághailGo dtagaidh an cháis i lár an fhoghmhair bhuidhe
Go dtagaidh lál Padraig lá nó dhó ina dhiaidh,
Go dfásfaidh an bláth bhán faoi lár do conra aníos,
Part go do grádh go bráth nach bfágfhaidh mo chroidhe.