Volume: CBÉ 0407 (Part 3)

Date
1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0407, Page 0317

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0407, Page 0317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Is le Liam Scorlóg (Sherlock) an méid so leanas: -
    27-9-1936
    Caisleán Cathair Druinne.
    Ba le muinntir de Róistigh an caisleán seo. D'réir mar d'airigheas bhí mac amháin aige, agus do báthadh é i dtubán uisce. Níl fhios agam cathaoin a deineadh é (an caisleán), ach níor críochnaigheadh é. Tighearna Talmhan ab'ea an Róisteach. Bhí talamh agus a lán cailín aige. Bhí talamh timcheall Mainistir Fheár Maighe, Cill-Úird, Gleann Abhann (Úird), agus Caisleán Uí Liatháin aige.
    Á chríoch
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    27 Meán Fómhair 1936
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant
  2. Liam Ó Condúin
    Bhí Rógaire críochnaighthe ina chónnaidhe i seana chaisleán i gCill-Úird, cloch (Carraigh) liath is ainm do'n t-seana chaisleán agus tá sé ann fós (tá cuid de ann fós). Tighearna talmhan ab'ead an Condúnach. Bhí gráin mór ages na Saoinibh air. Bhíodh sé fhéin agus Liam Ó Fléimionn ag troid le na chéile i gcomhnaidhe. Bhí Liam ina chomhnaide sa chaisleán i nGleann Úird (Tugtar Gleann Abhair ar an áit seo leis) agus do bhuaidh an Condúnach air sa deire thiar thall. Bhí i ingean aináin ag an bhFléimeannach agus do thostuigh an Condúnach í d'fhágail, b'shin é an chúis go mbídís ag troid le n-a chéile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.