Volume: CBÉ 0407 (Part 3)
- Date
- 1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0407, Page 0318](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0407%2FCBE_0407_0318.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0407, Page 0318
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- 5adh lá de Dheire Fóghmhair 1936.Is le Liam Scorlóg an méid so leanas: -Tigh mór le muinntir Bhuitléir i gCarraigbón. Bí muinntir Buitléir ina gcónaidhe sa tigh mór ná raibh ach cúpla páirc nó trí ón mbóthar, sé sin an seana-bhóthar ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh fadó, fadó. Níl aon raon de'n tigh le feiscint ann anois. Bhí duine acu ann dos b'ainm dó Séamas Buitléir agus do bhí moncaí aige. Bhí stáisiún ar siubhal sa tigh agus ar cheann Shéamas agus do thosnaigh sé ag piocadh na ndeás naidhthe as a cheann (ceann Shéamas). Bhí fear ina shuidhe ina aice leis agus ar seisean "Féach cad tá an Diabhal a' déineamh".
Á chríoch - Cúntas beag i dtaobh an Amhrán ar a dtugtar an bacach ("The Beggerman")Chúm m'athair Liam ...
Sé lena ... an t-amhrán so "The Beggarman".
Chúm sé é i gcóir muinntir Bhuitléir a bhí ina gcónaidhe i Carraig Bón.
Bhí an seana-amadán ar a dtugtar Johnny Hugh sa tigh mór leis, agus do bhíodh bata (nó staff) aige chun fochrann a shéanamh. Dó díbearadh as an dtigh é, agus is mar seo a thárla. Do bhíodh Rinnce ag na buachaillí(continues on next page)