Volume: CBÉ 0407 (Part 3)
- Date
- 1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0407, Page 0321](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0407%2FCBE_0407_0321.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0407, Page 0321
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- I
Aréir is mé ar mo leabaidh
agus mé ag machtnamh seal liom fhéinig
ár sglábhaidhthe na h-Éireann
agus gach cruadhtan a ghabhann siad tríd,
bíd amuich lá na fearthainne,
agus an ghaoth andeas d'á séideadh
an sioc is an sneachta dá ndearfainn (ndéarainn)
is gan fáth dul cois a' chlaidhe.II
do bhuailfeadh chucha speallaire
a bheadh déanta suas in-éadach
le n-a bhróigín canta cluthmhar air
Is a chasóg mhór a chuirfeadh an braon de,
Is gur mheara lus siúd a mhadra
ná an fear bocht a bheadh gan léine
'sé a chuirfeadh amach fé sna scéird é
agus é féin ar sgáth an chlaidhe(continues on next page)