Volume: CBÉ 0407 (Part 3)
- Date
- 1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí stáisiún na bpóilíní...”
(continued from previous page)Ag cur cogadh ar an gCoróinn fé chlócaí Dearga
Lámh dheas níor dógadh agus sport an t-Sasanaigh
Agus caithfidh Rí Seóirse an bóthar do ghlanadh dhó"(no title)
“Timcheall deich mbliadna is dachad ó shoin.”
......, Chuaidh gasra fear go dtí an choill atá in-aice an Bhiaducht (Viaduct) (tá sé ar an mbóthar idir Cathair Saidhbhín agus Gleann Béithe), ag gearradh adhmaid, oidhche, chun crainn rámhan a dhéanamh. Nuair a chuaidh na fir isteach sa choill, tháinig bean a bhí marbh le tamall, ar an gclaidhe. Bhí fhios ages na fearaibh go raibh sí ag faire ortha. Dubhairt beirt acu go bhfaighfidís amach pé'cu bean mharbh (bean ó'n saoghal eile í) nó bean bheo í. D'imthigh sí uatha, ach do leanadar í, ach theip ortha breith uirthi, do leanadar í chómh fada leis an Bhiaducht. D'fhill na fir thar n-ais go dtí an choill agus ghearradar an t-ádhmad, agus thugadar(continues on next page)