Volume: CBÉ 0407 (Part 3)

Date
1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0407, Page 0402

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0407, Page 0402

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí stáisiún na bpóilíní...

    (continued from previous page)
    Ag cur cogadh ar an gCoróinn fé chlócaí Dearga
    Lámh dheas níor dógadh agus sport an t-Sasanaigh
    Agus caithfidh Rí Seóirse an bóthar do ghlanadh dhó"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Timcheall deich mbliadna is dachad ó shoin.

    ......, Chuaidh gasra fear go dtí an choill atá in-aice an Bhiaducht (Viaduct) (tá sé ar an mbóthar idir Cathair Saidhbhín agus Gleann Béithe), ag gearradh adhmaid, oidhche, chun crainn rámhan a dhéanamh. Nuair a chuaidh na fir isteach sa choill, tháinig bean a bhí marbh le tamall, ar an gclaidhe. Bhí fhios ages na fearaibh go raibh sí ag faire ortha. Dubhairt beirt acu go bhfaighfidís amach pé'cu bean mharbh (bean ó'n saoghal eile í) nó bean bheo í. D'imthigh sí uatha, ach do leanadar í, ach theip ortha breith uirthi, do leanadar í chómh fada leis an Bhiaducht. D'fhill na fir thar n-ais go dtí an choill agus ghearradar an t-ádhmad, agus thugadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant