Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí i gCruachán Chonnacta aon uair amháin agus bhí beirt mac aige. 'Sé an t-ainm a bhi ortha na 'Oisín Mac Fhinn' agus 'Loinnir Mac Lobhar na Lann'. Lá dá rabhadar amuigh ag foghléireacht cois fairrge chonnaiceadar currach ag teacht chuca fe trom shiubhal agus fe throm iomradh. Nuair a tháinic an báidín chómh fada leó chonnaiceadar gur cailín a bhí inntí. Bheannuigheadar dá chéile agus thosnuigheadar ag seanchais. D'imrigheadar cluiche act bhuaidh an cailín an céad ceann. Céard atá orm a dhéanamh dhuit arsa Loinnir léi. M'áit comhnaidhe a fhághail amach ar' sise. Tháinic beirt mac an Riogh abhaile fe throm brón an oidhce sin. Le eirghe gréine an maidean dhár gcionn d'fhág Loinnir an pálas agus thug a aghaidh ar an bhfairrge síar. Choinnigh sé súil géar amach gach lá ag féachaint an raibh aon talamh ina aracais act ní raibh. An lá seo chuaidh sé féin in áirde ar an gcrann agus factas dhó go bhfaca sé rud éigin mar talamh ag bun na spéire ó thuaidh. Badh ghearr go raibh siad in aice leis agus bhí sé soiléar aca anois gur talamh a bhí ann. Chuadar i dtír agus cé'n áit a rabhadar act i rioghact athair an chailín úd. Chuadar go dtí an pálas agus fearadh na mílte failte rómpa. Bhí trí lá chruaidh roimh Loinnir anois(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Antoine Mac Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo