Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Caitlín Ní Ghallóglaigh,
Caiseal,
AcaillFuair mé é sin ó:-
Peigí Ní Ghallóglaigh,
Caiseal,
Acaill,
Aois 65 blian. - Tá cúig reilg in Acaill, trí cinn Caitiligeach agus dhá cheann Protastúnach. Tá ainm na h-áite in a bhfuil siad ar gach ceann aca. Tá trí cinn suidhte le fánaidh an chnuic agus dhá cheann amach ar an leibhéal. Tá siad go léir sean acht sé cheann Cill Domhnaid an ceann is sine. Fadó ní raibh in Acaill acht í agus thagadh na daoine treasna na sléibhte leis an comhra nuair a bhíodh daoine caillte. Tá leachta tógtha in gach áit i leigeadar síos an t-ualach ag déanamh a sgíthiste.
Cuma cearnógach atá ar gach ceann aca agus níl crann ag fás ionnta acht tá claidheanna thart ortha.
Tá sean fothrach cille í reilg Cill Domhnaid agus cuirtear daoine ann fós. Ní ceart páistí a cailltear gan baiste a bheith curtha sa reilg beannuithe. Bhí áit fé leith ar a Chaiseal in a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghallóglaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Gallóglaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Mhaigh Eo