Scoil: Eaglais
- Suíomh:
- Boirinn, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seosamh Ó Mongaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eaglais
- XML Leathanach 339
- XML “An Coinín Glic”
- XML “An Bhean Chrua Shantach Arís”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bhí sé ag dul isteach ann rug an fear air agus thug sé abhaile é. Cheap an duine uasal gur b'amhlaidh a dubhairt an coinín leis theacht isteach agus thug sé céad punt air.
- Lá breágh a bhí ann lá ar na mháireach agus d'imthigh an bhean bhocht léi. Tamall in a dhiaidh sin fuair bean an tighe bás. Ba ghearr a bhí sí curthe gur thug an cailín aimsire faoi deara eascú ag teacht amach as sruth nuair a bhíodh sí ag tabhairt bídh de na mucaibh agus ag ithe as an iomar leo. D'imthigheadh na muca i leath taobh nuair a thigeadh an eascú mar bhíodh faitchíos orra róimpí. Nuair a bhíodh an biadh ithte aice d'imtigheadh sí agus ní bhíodh pioc biadh fágtha ag na mucaibh. Thosuigheadar ag imtheacht as í leabaidh a bheith ag teacht chuca féin. D'innis an cailín aisire an scéal dá mháistir agus chuaidh seisean léi nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Lil Ní Mhonghaigh
- Inscne
- Baineann