Scoil: Eaglais
- Suíomh:
- Boirinn, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seosamh Ó Mongaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eaglais
- XML Leathanach 344
- XML “An Bhean agus an Páiste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an Gaduidhe Dubh ag siubhal ar an mbóthar lá. Nuair a bhí sé ag dul thar teach chonnaic sé bean ag siubhal trí agus paiste gleoite in a h-uchr aici agus í ag caoineadh. Chuaidh se go dtí an doras agus d'fiafruigh di cé'n fáth a raibh sí ag caoineadh. Dubhairt sí gur fhuadaigh fathach í fein agus a páiste ón a dteach féin agus gur orduigh sé dí an lá sin an páiste a mharbhadh agus a bhruith le h-aghaid a dhinnéir agus nach bhfuigheadh sí in a cro [?] é sin a dhéanamh. Cheap an gaduidhe ar phlean annsin. Bhí sean-mhadadh aige agus mharbhuigh sé é agus d'fheann sé é. Annsin bhain sé an ladhraicín dén phá [?] agus chuir sé i bpota feoil an mhadhadh an ladhraicín dá mbruith. Chuireadar na páiste i bhfolach. Ní raibh an méid acht déanta nuair a d'airigheadar an fathach ag teacht. Ní raibh am ag ngaduidhe rith amach acht bhí seomra sa teach a bhí lan de daoine marbha [?](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Lil Ní Mhonghaigh
- Inscne
- Baineann