Scoil: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh (uimhir rolla 14410)
- Suíomh:
- Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. M. Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá carnán cloch ar ár mbóthar agus deirtear go bhfuair fear bás ann. Ní raibh aon mhonarca bagúin san mbaile an am sin agus b'éigin do na daoine a raibh cómhnuidhe ortha i bhfad ó'n mbaile mór a theacht isteach an oidhche roimh an margaidh leis na mucaibh a bhí le díol acú. Tháinich an fear seo chun an mbaile mhóir le mucaibh agus ag dul abhaile dhó bhí cuma air go raibh sé ar meisge. Casadh daoine air agus ní raibh fhios acú cá raibh sé ag dul. Nuair a bhí na daoine a raibh comhnuidhe ortha san sráidbhaile ag teacht isteach air maidin fuaireadar an fear marbh ar taobh an bhóthair.
Nuair a bhíonns na daoine ag dul thar an áit caitheann siad cloch innti agus deireann siad "Beannacht Dé ar anam na marbh".- Bailitheoir
- Aodhnaith Nic Ghiolla Dé
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Inghean Uí Máirtín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Móinín Bradach, Co. Mhaigh Eo