Scoil: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh (uimhir rolla 14410)
- Suíomh:
- Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. M. Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áitainmneacha
Cúpla míle ó Chaisleán a bharraigh tá áit agus tugtar Doire bháis air. Cúpla blian o shoin bhí na ba go léir ag fághail báis agus nuair a gheibheadh ceann acú bás roinneadh a cuid feóla idir gach cloinn san sráidbaile. Aon lá amháin thaínic sean-bhean isteach i dteach mná in a raibh dá bhuin tar-éis fághail bháis agus bhí an fheoil i dtubán san seómra, d’Iarr an tsean-bhean uirthi píosa den fheoil a thabhairt di agus dubhairt sí nach raibh an fheoil aici. “Go deimhin tá a bhean bhoict tá brón orm a rádh go bhfuil an oiread feóla agat” leis sin thug an bhean píosa den fheóil don sean mnaoi. Do ghabh an sean bhean buidheachas léithí agus chuaidh sín an doras amach. Ag dul dí dubhairt sí “Ar maidin nuair atá tú ag cur amach an luaithreach cuir uisge ann ionnós nach mbéidh sé ag séideadh in-éadan na ndaoine uaisle atá ag gabháil an bhealaigh”. Dubhairt sí léi freisin an talamh faoi sgeic bhig a bhí ag fás sa ngairdín a sguabad. Gheall an bhean dí go ndéanfadh sí na rudaí agus d’imthigh an bhean léi. Nóiméad in a dhiaidh sin chuaidh bean an tighe cun an doras(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mháirtín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mairéad Ní Mháirtín
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Móinín Bradach, Co. Mhaigh Eo