Scoil: Naomh Angela, Caisleán an Bharraigh (uimhir rolla 14410)
- Suíomh:
- Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. M. Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An rud a sgríobhanns an Púca leigheann sé féin é
An rud nach mbaineann dhuit na bain dó
An té nach bhfuil láidir ní ó dó a bheit glic
An tú na gcuirfid san Earrach ní bainfidh sé sa bfoghmhar
Áit giorra an chaith? tríd an gríosac.
Tús maith leath na h-oibre
Sé is sia a bhíos ag rithe sé is sia a bíos beó
Is minic an fear fada óg ceannact fataí ón bhfear gearr
Is dána gach mada ar a charn aoiligh féin
Ba mhinic ciuncionntach sean-focla ar leanamhaint
Ba mhinic comhairle maith ag amadán
Is maith an badóir an té atá ar an talamh
Is glas iad na cnuic i bfad uainn ach ní fiarach
Is namha don céird gan í a fhoglum
Miur? dod mháthair lute a deo námh
Céard a déanfadh mach an caith acht lucha do mharbhiugadh
Is fearr cara sa gcúirt na bonn sa sparán.
Is goire cabhair Dé na an doras
Ní déanfadh an domhan capall rása d’asal
Dith ceille an rud abain na meara de Mhurchadh
Is maith an capall a tairrgneas a carr féin
Ní dhearna béal na dtost aimhleas
Is binn béal in a thostMairéad Ní Mhaolgaribh
Baile Mich Craith
Caisléan a carraigh
Fuaireas na sean-fhocail seo o mo dheirbhsiúr. (25)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Mhaolgairbh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Craith, Co. Mhaigh Eo