Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)
- Suíomh:
- An Doire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Cathain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire
- XML Leathanach 46
- XML “An Tarbh Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tarbh Breach.
Bhí fear ann fadhó agus phos sé. Cailleadh a bhean leis an gcéad duine clainne a bhí aici. buachaill a bhí ann agus phós a athair arís. Bhí tríur clainne Ní thiubhradh a leas-mháthair tada le n-iththe do'n bhuachaill seo. Bhí air bheith ag cumhdú beithidhigh amuigh ar an gcnoc.
Bhí an-iongnadh ar an leas-mháthair nach raibh sé caillte leis an ocras nuair nach raibh sé a' fághail aon cheo le n-ithe. Lá amháin chuir sí amach an ingean ba sine aice go bfeichfeadh sí an mbhéadh sé ag ithe aon cheo.
tháinig an tarbh breac agus thosuigh sé ag cannthain ceoil agus thuit an cailín in a codladh. Annsin thug an tarbh breach rud le n-ithe do'n bhuachaill Nuair a dhuisigh an cáilín chuaidh sí abhaile d'fiafruigh an mhathair dhí an bhfaca sí aon cheo agus dubhairth sí nach bhfacha.
Annsin chuir sí amach an dara h-ingean ach tháinig an tarbh breach agus tosuigh sé ag canntain cheoil Thuith an cáilin 'na codhladh. Nuair a dhuisigh shí chuaidh sí abhaile chuig an máthair agus dubhairth sí nach bhfacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Seóighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Gleann Beag Thiar, Co. Mhaigh Eo