School: Doire (roll number 16852)
- Location:
- An Doire, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Cathain
![The Schools’ Collection, Volume 0092, Page 46](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0092%2FCBES_0092_046.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0092, Page 46
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire
- XML Page 46
- XML “An Tarbh Breac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Tarbh Breach.
Bhí fear ann fadhó agus phos sé. Cailleadh a bhean leis an gcéad duine clainne a bhí aici. buachaill a bhí ann agus phós a athair arís. Bhí tríur clainne Ní thiubhradh a leas-mháthair tada le n-iththe do'n bhuachaill seo. Bhí air bheith ag cumhdú beithidhigh amuigh ar an gcnoc.
Bhí an-iongnadh ar an leas-mháthair nach raibh sé caillte leis an ocras nuair nach raibh sé a' fághail aon cheo le n-ithe. Lá amháin chuir sí amach an ingean ba sine aice go bfeichfeadh sí an mbhéadh sé ag ithe aon cheo.
tháinig an tarbh breac agus thosuigh sé ag cannthain ceoil agus thuit an cailín in a codladh. Annsin thug an tarbh breach rud le n-ithe do'n bhuachaill Nuair a dhuisigh an cáilín chuaidh sí abhaile d'fiafruigh an mhathair dhí an bhfaca sí aon cheo agus dubhairth sí nach bhfacha.
Annsin chuir sí amach an dara h-ingean ach tháinig an tarbh breach agus tosuigh sé ag canntain cheoil Thuith an cáilin 'na codhladh. Nuair a dhuisigh shí chuaidh sí abhaile chuig an máthair agus dubhairth sí nach bhfacha(continues on next page)- Informant
- Bríghid Seóighe
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Gleann Beag Thiar, Co. Mayo