Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)
- Suíomh:
- An Doire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Cathain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire
- XML Leathanach 82
- XML “Na Trí Chomhairle Mhaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ann fadó. Thosuigheadar ag troid agus d'imthigh an fear go Sasanna. Bhí sé ag obair do mhinistéar annsin go ceann blian is fiche. Dubhairt an ministéar leis nach n-iochfead sé é go mbeadh an blian is fiche thart. Ghlach seisean leis an gcomhairle. Nuair a bhí an bhlian is fiche shuas d'fiafruigh ministeár dhó cé acha a bhfearr leis trí comhairle mhaith na an tairgead. Dubhairt seisean leis go mbfhearr leis na trí comhairle. Thug sé na trí chomhairle do, agus beart beag eile le tabhairt don bhean nuair a gheobhfeadh sé abhaile.
Seó iad na trí chomhairle
An cead chomairle gan a dhul in aitgiorra an dara ceann gan codhladh an áit a bheadh bean, agus an triomhadh comhairle an píopa a caocheamh -trí uaire. Nuair a thoicfadh fearg air,
D'imthigh leis annsin e féin agus bheirt fir eile. Bhiodhar ag imthigheact gur táinicheadar go dtí aithgiorra mór Bhiodar ag dul san aithgiorra nuair a chuimnigh seisean ar an gcomhairle. Chuaidh seisean in bothar agus chuaidh an bheirt eile san aithghiorra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Chathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Ceapaigh na Creiche, Co. Mhaigh Eo