Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bean Uí Fhaoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane (C.)
- XML Leathanach 338
- XML “Pota Óir Arís”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pota Óir - arís.Bhí fear agus a bhean in a gcómhnuide i dteach beag uair amháin. Bhí brionglóid ag an bhfear oidhche amháin go raibh pota oir in aice tuim a bhí i lios a chómhursan. D'éirigh sé go moc ar maidin is ní fhuair sé sgíth go ndeacha sé go dtí an lios.
Nuair a shroic sé an lios céard do chonnaic sé acht sgata leipreachán is iad a[g] déanamh cuireadóireachta dóibh féin. Nuair a chonnaiceadar an fear thosuigeadar ag sgreadáil chomh h-árd is bféidir leo is rith siad in a gcos in áirde go dtí an tom.
D'fhiafruigheadar de'n fhear cé'n ghn[ó] a bhí aige annsin chomh moch ar maidi[n.] Níor thug sé áird ar bith ortha acht thosuigh sé ag romhair go bhfuair sé a[n] pota. Chuaidh sé abhaile annsin is a chro[idhe] ag preabadh le h-áthas. Bhí áthas ar a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Baoghaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Croithleán, Co. Mhaigh Eo