School: Sruthar (C.)

Location:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sruthar (C.)
  2. XML Page 218
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an teach, bhí fear ann, agus thug sé sgian dó, mar bhí fhios aige go raibh sé ag dul isteach go teach Mhaoldómhnaigh. Nuair a chuaidh sé isteach rith Maoldómhnaigh chuige lé sgin mhóir. Rith an sagart amach lé faitchois. Chonnaic an fear a thug an sgian do'n sagart iad, agus síad na focla a dubhairt sé, "an sgian, an sgian, an sgian." Chas an sagart, agus thosuigh sé ag troid leis an bhfear, agus mharbhuigh sé é.
    Cuir "St. George," daoine ar thóruigeacht "Joyce" a thóg an sagart ó lam,ha Maoldómhnaigh, agus fuaireadar é ar thaobh chnuic. Thóadar suas go Gaillimh é lé'n a chrochadh ann. Nuair a bhí siad ag dul suas thar teach "St George" d'fhéach "St George" amach, agus dubhairt sé lé "Joyce," go raibh sé ag dul suas acht nach dtiocfadh sé anuas arís beo. Nuair a chuaidh sé go Gaillimh, dubhairt sé gur peachadh é féin a mharbhadh, mar bhí fhíos agie an áit i gCo. Mhuigheo ina raibh airgead faoi an talaimh. Dubhairt sé leo freisin nach mbeadh aon duine i ndon é d'fhághail gan é féín a bheith ann. Cuireadh síos go Co. Mhuigheo é lé arm saighdiúirí, agus nuair a bhí sé in-aice lé dorais "St George" dubhairt sé lé "St George", "Is bréagadóir mór thú, mar dubhairt tú liom nach dtiocfadh mé síos an bóthair seo, beo arís. Dubhairt sé leis nach rachadh sé suas an bóthair arís. Chrochadh é ar an dún mór atá in aiche le "Cnoch Rún." D'fhághadar annsin é go raibh sé leobhtha, agus crochadh buacaillín eile lé na bhéal agus níor thógadar anuas iadh gur thuiteadhar síos.
    From Father, Pat Greally, Gort Lagach, Shrule
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Ghraoiligh
    Gender
    Female
    Address
    Gort Logach, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Pat Greally
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Gort Logach, Co. na Gaillimhe