Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 295
- XML “Bríste Sheáinín”
- XML “Scéal Áitiúil - Misneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ní rachaidh mé ar scoil níos mó", arsa Seáinín.
"Muise cé'n fáth?" ar sise.
"Bhí na buachaillí go léir ag magadh fúm mar gheall ar mo bhríste. Dubhairt siad nach rabhadar cinnte ciaca ag dul go dtí an scoil nó filleadh do bhíos." - Sgéal áitiúil - Misneach.Bhí fear d'arbh ainm Seán .... ag teacht abhaile o'n aonach i mBaile-an-Róba oidhche amháin agus é roinnt súgach.
Nuair do bhíodh sé mar sin do bhíodh an t-árd misneach aige dar leis féin. Deireadh sé nach gcuirfeadh an Fear Dubh ó ifreann thíos faitchios ar bith air. Acht bhí an sgéal amuigh air go raibh eagla a chroidhe aige roimh bean-an-tighe mar do bhíodh sí an dhian air mar gheall ar an mbraoinín, agus dar ndóigh bhí an ceart aici.
Bhí fíos sgéil Seáin ag buachaillí an bhaile, agus fios aca nach raibh scannradh ar bith aige ar an bFear Dubh. Shochruigh siad ar cleas d'imirt air oidhche an aonaigh.
Chuaidh cúpla duine aca i bhfolach in aice an tighe. Nuair tháinig Seán in aice leo do labhair duine.
"Cé tá annsin?" adeir Seán agus crith eagla ar an bhfear bocht.
"Mise an Fear Dubh," adeir an buachaill i nglór uathbhásach.
"Ó, go h-ifreann leat as sin, má's eadh" adeir Seán "is beag nar bhain tú geit asam - cheap mé gurbh í an bhean a bhí ann."- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chraobhach Láir, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic an Bháird
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Íomair, Co. Mhaigh Eo