Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 306
- XML “Seanfhoirgnithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caislean Loch MeasgaDeirtear gur tógadh é i mbliain 1237. Muinntir De Búrcaigh do bhí ann ar dtús. Thosuigheadar ag troid le muinntir Mac Gearailt agus b'éigin do na Búrcaigh a imtheacht. Tar éis tamaill tháinig na Búrcaigh ar ais arís. Bhíodar ag troid i gcomhnuidhe.Thug duine de mhuinntir De Búrcaigh ordú Éamonn Mac Gearailt a bheith báidhte i sac i Loch Measga. Báidheadh é agus cuireadh in uaigh an Íarla é fé scáth na gcrann ar bhruach an locha.Tháinig muinntir Chonchubhair agus thosuigheadar ag troid in aghaidh na Búrcaigh agus thógadar seilbh an chaisleáin. Ba ghearr go rabhadar ann go dtáinig Bingham - fear as Sasana agus chroch sé seachtar aca.Tá sean-staighre ann fós agus comhartha na catha.
****************************************************************
Inismeadhon Sean-FhothrachIns an tríomhadh aois déág deirtear go raibh na Manaigh in a gcomhnuidhe ann. Tháinig Aodh ( mac do Ruaidhrí Ó Conchubhair ) agus ghoid sé na rudaí luachmhara a bhí ann.B'éigin do na Manaigh a imtheacht in a dhiaidh sin. Deirtear go ndeachadar go Mainisteir Cunga. Tar éis tamaill fuair na mná riaghalta é, acht níl fhios againn an rabhadar i bhfad ann.Tá sean-fhothracha ann fós agus tá daoine ag féáchaint ina ndiaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine de Brún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Meáin, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Brannagáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Cnoc na Muclach, Co. Mhaigh Eo