Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)
- Suíomh:
- Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Sceithe
- XML Leathanach 164
- XML “An Buidéal Iontach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Pádhraic Ó Mongán agus a bhean in a gcomhnuidhe faoi'n dtuaith. Bhí thriúr clann aca, Tadhg, Tomás agus Nóirín. Bhíodar go léir sona sásta uair acht thainig an cruadhtan agus an anró ortha. Tháinig an duibheachán ar na fataí. Mhil an droch-uair an t-arbhar ortha. Mharbhuigh galar eigean na beithidhigh ortha.Bhí lá an chíosa ag teacht, ach má bhí ní raibh pighinn ruadh san teach. "A Phadhraic," arsa bhean a' tighe le n-a fear. "Téirigh chun an aonaigh amáireach agus díol an bhó bhán." "An bhó bhán do dhíol," arsa Pádhraic an ag magadh atá thú, nó an amhlaidh nach bhfuil fhios agat nach bhfuil againn acht í." "Is cuma sin, a stór, caithfidh sinn airgead an chíosa d'fhaghail."(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo