Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)
- Suíomh:
- Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Sceithe
- XML Leathanach 169
- XML “Na Trí Muca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mhuc. Ba mhaith liom teach a dhéanamh." Thug an fear an beart don mhuc. Rinne an mhuc teach deas dó féin. Tháinig an mactíre chuig an doras agus ar seisean ós árd: "A mhuicín mo croidhe, ba mhaith liom dul isteach agus luidhe." "Fan amuigh," ars an mhuc ar ais leis.
Shéid an mactíre annsin. Leag sé an teach agus d'ith sé an mhuc.
Amach leis an tríomhadh muc le teach a dhéanamh dó féin. Chas fear air. Bhí ualach bricí ar a dhruim aige. "Tabhair dhom na bricí sin," ars an mhuc. "Ba mhaith liom teach a dhéanamh." Tháinig an mactíre chuig an doras. "A mhuicín mo croidhe, ba mhaith liom dul isteach agus luidhe."
Ars an mhuc ar ais leis, "A mhactíre gránna, ní leigfidh mé thar tairaigh mo theach go brách thú."
Chuaidh an mactíre síos an simléar. Chuir an mhuc clúdach anuas air. Níor ith an mactíre muc ar bith in a dhiaidh sin geallaim-se dhuit.- Bailitheoir
- Tomás Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo