Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)
- Suíomh:
- Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Sceithe
- XML Leathanach 171
- XML “Cailín an Luaithrigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bóthar (?) amach uirri féin. Tar éis trí lá a chaitheamh ag siubhal na mbóithre tháinig sí chomh fada le tobar fíor-uisge. Shuidh sí ar bhruach an tobair agus thosuigh sí ag ithe a cuid aráin. Ní raibh an dara greim ithte aice nuair léim an maidrín aníos as an tobar chuice agus d'iarr giota aráín uirri. "Thoradh dhíot a mhaidrín gránda, ar sise, imthigh leat as m'amharc."D'imthigh an maidrín agus a earball faoi aige.(?) Nuair a bhí a sáíth ithte ag an gcailín d'eirigh sí in a seasamh agus d'imthigh sí léi arís. Chonnaic sí teach breagh dóigheamhail istigh i lár páirce. Isteach léi ó'n mbóthar agus suíd anonn go dtí an doras í. Do bhuail sí an baschrann go trom. Tháinig bean a' tighe amach agus d'fhiafruigh sí de'n chailín céárd a bhí ag teastáil uaithe."Táim ag iarraidh aimsire uait a bhean chóir," ars an cailín. "Tar isteach," ars an bhean, is (?) géar atá cailín aimsire ag teastáil uaim. Ní'l am agam anois chun cainnt a dhéanamh leat, mar caithfidh mé dhul amach go ceann tamaill. Fhaid a's bheas mé amuigh is féidir leat-sa bheith ag déanamh taithighe ar an teach.Tá cead agat a dhul isteach i ngach seomra ann acht amháin an seomra sin ar do chúl. Ar chraiceann do chluaise ná fosgail an doras sin." Nuair a bhí an méad sin ráidhte ag an bhean a' tighe d'imthigh sí amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo