School: Gort Sceithe (roll number 13062)

Location:
Gortskehy, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Ó Cléirigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Sceithe
  2. XML Page 171
  3. XML “Cailín an Luaithrigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bóthar (?) amach uirri féin. Tar éis trí lá a chaitheamh ag siubhal na mbóithre tháinig sí chomh fada le tobar fíor-uisge. Shuidh sí ar bhruach an tobair agus thosuigh sí ag ithe a cuid aráin. Ní raibh an dara greim ithte aice nuair léim an maidrín aníos as an tobar chuice agus d'iarr giota aráín uirri. "Thoradh dhíot a mhaidrín gránda, ar sise, imthigh leat as m'amharc."
    D'imthigh an maidrín agus a earball faoi aige.(?) Nuair a bhí a sáíth ithte ag an gcailín d'eirigh sí in a seasamh agus d'imthigh sí léi arís. Chonnaic sí teach breagh dóigheamhail istigh i lár páirce. Isteach léi ó'n mbóthar agus suíd anonn go dtí an doras í. Do bhuail sí an baschrann go trom. Tháinig bean a' tighe amach agus d'fhiafruigh sí de'n chailín céárd a bhí ag teastáil uaithe.
    "Táim ag iarraidh aimsire uait a bhean chóir," ars an cailín. "Tar isteach," ars an bhean, is (?) géar atá cailín aimsire ag teastáil uaim. Ní'l am agam anois chun cainnt a dhéanamh leat, mar caithfidh mé dhul amach go ceann tamaill. Fhaid a's bheas mé amuigh is féidir leat-sa bheith ag déanamh taithighe ar an teach.
    Tá cead agat a dhul isteach i ngach seomra ann acht amháin an seomra sin ar do chúl. Ar chraiceann do chluaise ná fosgail an doras sin." Nuair a bhí an méad sin ráidhte ag an bhean a' tighe d'imthigh sí amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cléirigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Annefield, Co. Mayo