Scoil: Gort Sceithe (uimhir rolla 13062)

Suíomh:
Gort Sceithí, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Ó Cléirigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Sceithe
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Cailín an Luaithrigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    feiceann tú ann." "Feicim sguaibín," ars an cailín.
    "Am ar bith a chuirfeas tú an sguaibín sin le do sgiortaí béidh an gúna is áilne sa domhan ort. Céard eiel a fheiceas tú?" "Chím biorán," ars an cailín. "Am ar bith a chuirfeas tú an biorán sin le do gruaig béídh an hata is áilne sa domhan ort. Céard eile a fheiceas tú?" "Chím snáthadh," ars an cailín. "Am ar bitha chuirfeas tú an tsnáthad sinle do sháil béidh an péire stocaí agus an péire bróg is deise agus is gleóíte sa domhan ort."
    "Céard eile feiceas tú?" "Chím srian beag," ars an cailín. "Am ar bith a chuirfeas tú an srian beag sin san aer béidh an capall is breaghtha sa domhan in a sheasamh le do thaoibh. Má chraitheann tú dhá uair é béidh dhá each agat. Má chráitheann tú trí h-uaire é béidh an dá each gléasta faoi'n gcarbad is áilne a chonnaic súil duine riamh. Agus rud eile béidh an dá each chomh múinte sin gur b'fhéídir le páiste iad a thiomáint. Anois bhfuil tú sásta?"
    Níor fhéad an cailín bocht aon rud a rádh. Bhí tocht ar a croidhe le h-áthas agus le buidheachas. Thuig an bhean an scéal go maith agus níor fhéach í le n-a tuilleadh cainnte a bhaint aisti. Rug sí barróg uirri agus phóg sí go díl agus scaoil sí uaithe ar a bealach abhaile í.
    Nuair tháínig an cailín abhaile leig sí uirri go riabh sí chomh bacach agus chomh bocht agus bhí sí riamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Cléirigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sceach na Gaoithe, Co. Mhaigh Eo