School: Gort Sceithe (roll number 13062)
- Location:
- Gortskehy, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Ó Cléirigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Sceithe
- XML Page 177
- XML “Cailín an Luaithrigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)feiceann tú ann." "Feicim sguaibín," ars an cailín.
"Am ar bith a chuirfeas tú an sguaibín sin le do sgiortaí béidh an gúna is áilne sa domhan ort. Céard eiel a fheiceas tú?" "Chím biorán," ars an cailín. "Am ar bith a chuirfeas tú an biorán sin le do gruaig béídh an hata is áilne sa domhan ort. Céard eile a fheiceas tú?" "Chím snáthadh," ars an cailín. "Am ar bitha chuirfeas tú an tsnáthad sinle do sháil béidh an péire stocaí agus an péire bróg is deise agus is gleóíte sa domhan ort."
"Céard eile feiceas tú?" "Chím srian beag," ars an cailín. "Am ar bith a chuirfeas tú an srian beag sin san aer béidh an capall is breaghtha sa domhan in a sheasamh le do thaoibh. Má chraitheann tú dhá uair é béidh dhá each agat. Má chráitheann tú trí h-uaire é béidh an dá each gléasta faoi'n gcarbad is áilne a chonnaic súil duine riamh. Agus rud eile béidh an dá each chomh múinte sin gur b'fhéídir le páiste iad a thiomáint. Anois bhfuil tú sásta?"Níor fhéad an cailín bocht aon rud a rádh. Bhí tocht ar a croidhe le h-áthas agus le buidheachas. Thuig an bhean an scéal go maith agus níor fhéach í le n-a tuilleadh cainnte a bhaint aisti. Rug sí barróg uirri agus phóg sí go díl agus scaoil sí uaithe ar a bealach abhaile í.Nuair tháínig an cailín abhaile leig sí uirri go riabh sí chomh bacach agus chomh bocht agus bhí sí riamh(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Cléirigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Annefield, Co. Mayo