Scoil: Scoil N. Bríde, Kilmaine
- Suíomh:
- Cill Mheáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maighréad, Bean Uí Ghliasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An té a déarfas an phaidir seo ag luigheadh is ag eirigh
Ní baoghal dó leacracha Ifrin go bráth.
(2)Luighimíd lé Dia is lé Muire
Go luighfidh Dia agus Muire linn
Nár luighfidh muid leis an olc
Is nár luighfidh an t-olc linn
Luighfidh muid ar an leabaidh seo
Mar luighfidh muid ins an úaigh.
Ceithre corraí ar mo leabaidh
Ceithre h-eanglaí orra sgartha
Maitéas, Marcus Lúcáis agus Seán.
Má fháighim-se bás anocht nó ar maidin
I bhFlaithis Dé go raibh mo leabaidh.
(3)Nár ba líóchta ribe féír ag fás
Ná drúcht ar a bhárr
Ná gainimh ar an tráigh
Tomba Chríost brat Brighde
Go mbeannuighthe an té atá marbh.
(4)Míle buidhceas is altó lé Rí geall na Glóíre
Thug dhúinne spás ar an saoghal seo
Go raibh na trí h-eanglaí ar leabaidh ár(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheara
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tulaigh Dhubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mheara
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tulaigh Dhubh, Co. Mhaigh Eo