Scoil: Scoil N. Bríde, Kilmaine
- Suíomh:
- Cill Mheáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maighréad, Bean Uí Ghliasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rí na sigheóga nó gréasaidhe na sigheóga a tugtar ar an leipreachán. Fearín beag seadh é ag a bhfuil go leór cleas. Tá sé tuairim troigh ar oidre. Bíonn sé gléasta in éadaigh dearga agus uaithne agus bíonn hata mór árd air. Bíonn pota óir agus crúisgín uisge-bheatha aige.
Úaireannta bíonn sé istigh faoí sgáth crainn ins na coilte agus bíonn sé ag feistiú bróg agus dhá dhéanamh. Bíonn an t-airgead fághta lé na h-ais aige agus nuair a chluineann sé aoinne ag teacht chuighe cuireann sé i bholach é.
Chuaidh duine isteach i gcoill lá agus do chúala sé torann an chasúr a raibh an leipreachán dhá oibriú. Dó rinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheara
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tulaigh Dhubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mheara
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tulaigh Dhubh, Co. Mhaigh Eo