Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 165
- XML “Pisreoga a Bhaineas le Bainis”
- XML “Pisreoga a Bhaineas le Baisteadh agus Leanbh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a hathar, agus bíonn ‘spraoi’ mhór ann de ghnáth.6. Is ceart an tlú agus seanbhróg a chaitheamh i ndiaidh cailín ar dul chun a pósta di, le rath agus séan a chur uirthi.7. Ní ceart do chailín gléas a pósta a thaispeáint d’éinne go dtí lá an phósta.8. Nuair a bhíonn an iníon is sine á pósadh is ceart don mháthair braitlíní nó éadaí cláir nó plaincéid a rinneadh sa mbaile a thabhairt mar bhronntanas di.9. Lastar punnán coirce ag déanamh áthais nuair a bhíonn lánúin nua-phósta ag filleadh abhaile ón séipéal.10. Má tharlaíonn go mbristear cuid ar bith de ghléas an chapaill nuair a bhíonn na carranna ag filleadh abhaile ón séipéal tar éis an phósta deirtear gur mí-ámharach an rud é.
- 1. Is ceart cuid de shalann an bhaiste a fháil sa séipéal agus cuid de a thabhairt abhaile.2. Is cóir trí bhraon ola castair a thabhairt do leanbh sula ligtear amach as an teach é lá a bhaiste.3. Ní ceart ingne linbh a ghearradh go mbíonn an leanbh bliain d’aois. Má ghearrtar roimh an am(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chorraidhe
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)