Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 169
- XML “Pisreoga ag Baint le Samhain”
- XML “Pisreoga ag Baint le Lá Bealtaine”
- XML “Pisreoga a Bhaineas leis an Nollaig agus le Lá Chinn Bhliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar sméara dubha agus sceachóidí an oíche sin, agus ní ceart iad a ithe as sin amach mar bíonn siad salach.
- 1. Ní ceart luaithreach a chur amach as an teach Lá Bealtaine.2. Má níonn duine a aghaidh leis an drúcht maidin Bhealtaine, deirtear nach mbeidh loscadh gréine (sunburn) ag gabháil de an samhradh sin. 3. Má bhíonn an chuach agus na fainleoga sa tír seo Lá Bealtaine d’aon bhliain ar bith is comhartha é go mbeidh barraí maithe ann an bhliain sin.4. Deirtear nach ceart blátha na sceiche gile a thabhairt isteach sa teach, go dtugann siad an mí-ádh isteach leo.5. Síol ar bith nach bhfuil sa gcré, nó sa talamh, Lá Bealtaine, tugtar ‘síol cuaiche’ air agus deirtear nach n-éireoidh sé aibí ar chor ar bith.
- 1. Is comhartha ádha don teach más fear dubh an chéad duine a thagann isteach ar cuairt Lá Cinn(leanann ar an chéad leathanach eile)