Scoil: Leath-cheathrú (uimhir rolla 13437)
- Suíomh:
- An Leithcheathrú, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Ó Maidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (a) Cuimil seilmide artha, agus annsin croch ar dheilg sgeithe é, agus de réir agus lobhann sé imthigheann na faithní.(b)Má fhághann tú uisge i bpoll cloiche agus go nigheann tú na faithní ann imthigheann siad i gceann sgaithim.(c) Goid píosa de bágúin shailleach agus cuir ar na faithní ag dul a chodladh duit. Nuair eirigheann tú ar maidin cuir ar dheilg sgeithe agus tárluigheann mar do thárla in (a) thuas.(d) Faigh croiceann eascon agus ceangal ar na faithní é, agus is gearr cidhtear iad ina dhiadh sin.(e) Má chimilleann tú rud eicín leis na faithní, agus annsinn é a chaitheamh ar an mbóthar. Imtheóchaidh na faithní díot nuair a thógann duine eicín ar rud de'n bhóthar.(f) Gearr práta nach bhfuil bruighte(leanann ar an chéad leathanach eile)