Scoil: Leath-cheathrú (uimhir rolla 13437)
- Suíomh:
- An Leithcheathrú, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Ó Maidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ma bhíonn leicneach ort téigh isteach i gcró na muc agus abair leis an mhuic istigh "A phigín na muc tóg an leicneach uaim" Ma abaireann tú é sin trí h-uaire i ndiaidh a chéile béidh tú go maith ar an mailís.Beir an duine tinn go cumar trí n-uisge agus cuir srian asail air agus téigheadh sé treasna na g-aibhne trí h-uaire in dhíaidh a chéile agus imtheochaidh an leicneach ansinn.Déan fataí a nóstadh agus bris isteach i stoca iad abus annsin cuir leis an mball iad agus tiocfaidh faoiseamh ar ball.
Deantar an rud ceadhna le salann, le bran, le builín, agus tá an cumhacht céadhna acu. Fáigh plannda sicín agus déan e do theiteadh(leanann ar an chéad leathanach eile)